Soláthraithe Scileanna Digiteacha
- Naisc ábhartha eile
- Réamhrá – Scileanna Digiteacha
- Soláthraithe Oideachais
- Soláthraithe Scileanna Digiteacha
Aoisghníomhaíocht Éireann
Tacaíonn Aoisghníomhaíocht le comhionannas agus cearta daonna do gach duine aosta agus oibríonn siad ar son an chomhionannais agus na gceart daonna do dhaoine aosta. Tá gach a ndéanaimid bunaithe ar aitheantas a thabhairt d’éagsúlacht féiniúlachta agus staide i measc daoine scothaosta agus ar mhaithe le comhionannas a bhaint amach do gach duine aosta. Agus muid ag tabhairt aghaidh ar an aosú, baineann an obair a dhéanaimid freisin le tionchar a imirt ar pheirspictíochtaí ar an aosú agus ar fhreagairtí dó. Oibríonn Aoisghníomhaíocht chun aosú in áit, foghlaim ar feadh an tsaoil, agus sláinte agus folláine do dhaoine scothaosta a chur chun cinn agus mar sin, cuirtear ar a gcumas maireachtáil mar shaoránaigh ghníomhacha.
Mar chuid dár gcomhrac i gcoinne an eisiaimh dhigitigh, cuireann clár oiliúna ríomhaireachta dar teideal ‘Getting Started’ de chuid Aoisghníomhaíochta oiliúint duine le duine ar ríomhairí, ar tháibléid agus ar fhóin chliste ar fáil do dhaoine os cionn 55 bliana d’aois ar fud na hÉireann. Ó 2006 i leith, tá Aoisghníomhaíocht Éireann tar éis oiliúint a chur ar níos mó ná 38,000 duine scothaosta le cúnamh ó na mílte teagascóir deonach. Ina theannta sin, cuireann ‘Getting Started KIT’ teagasc ar fáil ó chian trí ghlao gutháin nó físe.
Sonraí Teagmhála |
|
Seoladh | 3 Sráid San Proinsias |
Suíomh gréasáin | www.ageaction.ie |
Fón | 091 527831 |
Ríomhphost | gettingstartedgalway@ageaction.ie |
Camara Education Ireland – Clár TechSpace
Is fiontar sóisialta neamhbhrabúis é Camara Education Ireland ag a bhfuil fís d’Éirinn ina bhfuil na scileanna ag gach duine óg chun a gcumas a bhaint amach agus todhchaí a chruthú go muiníneach dóibh féin. Is saineolaithe iad i dteicneolaíocht an oideachais d’fhorbairt na hóige.
Is clár oideachais éTechSpace de chuid Camara Education Ireland. Agus an clár ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, cuireann TechSpace oiliúint, forbairt, tacaíocht agus deiseanna ar fáil d’eagraíochtaí óige agus do scoileanna tionscadail STEAM agus cruthaitheachta digití a sholáthar. Soláthraíonn Foireann TechSpace ag Camara Ireland timpeallachtaí cruthaitheacha foghlama lena dtreisítear muinín oideachasóirí. Tugann siad cumhacht d’oideachasóirí i ngach spás foghlama chun a bheith cruthaitheach leis an teicneolaíocht d’fhonn scileanna, spriocanna agus deiseanna a leathnú do dhaoine óga.
Sonraí Teagmhála |
|
Seoladh | Áras na nGael, Sráid Dominic, Gaillimh |
Suíomh Gréasáin | www.techspace.ie nó www.camaraireland.ie |
Teagmháil | Jennifer Hesnan - Bainisteoir chlár TechSpace - Jenniferhesnan@camara.ie |
CoderDojo agus Code Club
Ag Code Club agus CoderDojo ceapaimid gur cheart go mbeadh an deis ag gach páiste a fhoghlaim conas códú a dhéanamh, beag beann ar cé hiad féin nó cárb as dóibh. Oibrímid le pobal domhanda oibrithe deonacha, oideachasóirí agus comhpháirtithe chun clubanna saor in aisce a reáchtáil ina bhforbraíonn leanaí 7-18 mbliana d’aois a gcuid smaointe agus ina roinneann siad na smaointe sin lena chéile.
Creidimid san fhoghlaim óna bheith ag déanamh, agus tugann ár dtionscadail chódaithe neart deiseanna do dhaoine óga a bheith cruthaitheach agus a gcuid saothair a roinnt lena chéile.
Is cuid de Raspberry Pi Foundation, carthanacht atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe é, Code Club.
Sonraí Teagmhála |
|
Seoladh | Dogpatch Labs Aonad 1, Foirgneamh CHQ, Cé Theach an Chustaim, Baile Átha Cliath, Éire, D01 Y6H7 |
Suíomh Gréasáin | |
Ríomhphost | darren@raspberrypi.org |
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte